Timpeall Chinn Sléibhe

Timpeall Chinn Sléibhe

by Seán Ó Dálaigh

NOOK Book(eBook)

$4.49 $5.00 Save 10% Current price is $4.49, Original price is $5. You Save 10%.

Available on Compatible NOOK Devices and the free NOOK Apps.
WANT A NOOK?  Explore Now
LEND ME® See Details

Product Details

ISBN-13: 9781857918328
Publisher: Foras na Gaeilge
Publication date: 01/01/1933
Sold by: Barnes & Noble
Format: NOOK Book
Pages: 146
File size: 556 KB

About the Author

Máistir scoile as Baile an Ghleanna, Dún Chaoin, ba ea Seán Ó Dálaigh, rugadh é sa bhliain 1861. Tháinig dhá leabhar óna pheann, Clocha Sgáil (1930) agus Timpeall Chinn Sléibhe (1933), An Common Noun an t-ainm cleite a bhí air. Fuair sé bás sa bhliain 1940.

Read an Excerpt

Baintear leigheas, leis, as feamnach. Is aisti a baintear an leigheas go nglaonn dochtúirí iodine air, agus níl aon phoitigéirí ná go mbíonn sé á dhíol aige ina shiopa. Deir daoine go bhfuil feamnach go maith chun daitheacha a bhaint as duine go mbíonn siad ag gabháil dó.

Is mó maidin fhuar fhliuch fhiáin go dtéadh na daoine fadó ag bailiú fheamnaí lena racaí agus iad ina dtroscadh. Ní bhíodh arán ná tae ann san am sin. Nuair a thugadh garsúin nó gearrchailí a gcuid bia chucu go dtí an bhfaill, is é an bia a bhíodh acu ná prátaí agus deargáin rósta den dtlú, nó b’fhéidir, go minic, stráice breá de chíste steaimpí, agus ní théadh an bia sin féin chucu go dtí go mbíodh an mhaidin siar go maith go bolg an eadra.

Tá iascáin mhóra agus iascáin bheaga ann. I bhfarraige an chiúin a fhásann na hiascáin mhóra, agus sa bhfarraige fhiáin a bhíonn na hiascáin bheaga. Úsáideann iascairí na hiascáin mhóra mar bhaoití ballach agus deargán, agus cuireann feirmeoirí na hiascáin bheaga mar athleasú ar phrátaí aon bhliain ná tagann aon fheamnach bhuí isteach sna faillteacha. Bíonn prátaí iascán an mhaith le n ithe.

Ar charraigeacha a fhásann na hiascáin bheaga. Fásann siad ina mbratacha orthu gach aon bhliain. Bíonn scriostóir iascán ann chun iad a bhaint ar lag trá rabharta. Níl aon dul ar iad a bhaint de na carraigeacha mura mbeadh an lá an chiúin ar fad. Dá mbeadh aon tarrac ann, do scuabfaí den gcarraig thú, agus do bheadh ‘tórramh na bportán, agus sochraid na bhfaoileann’ ort.

Maireann an roilleog ar iascáin bheaga. Tá gob mór fada dearg ar an roilleog, agus baineann sí na hiascáin bheaga den gcarraig leis. Briseann sí lena gob an sliogán a bhíonn ar an iascán, agus ansin itheann sí an t iasc a bhíonn istigh ann.

Nuair a bheireann an scéal crua ar an bhfaoilinn, leis, agus ná faigheann sí aon bheatha as an bhfarraige, tugann sí faoi na hiascáin bheaga. Baineann sí den gcarraig lena gob iad, agus briseann sí na sliogáin a bhíonn orthu, agus itheann sí an bia a bhíonn iontu. Ach dá bhfaigheadh sí aon bheatha eile sa bhfarraige, ní bhacfadh sí thairsti na hiascáin.

Nuair a bhaineann daoine iad chun leasaithe, is minic a bhíonn siad ina scraitheanna móra ceangailte as a chéile, agus caitear iad a bhriseadh mion chun iad a leathadh i gceart ar na prátaí.

Nuair a bhíonn an trá ag líonadh, tagann na ballaigh isteach go dtí na clocha ag ithe na n iascán a bhíonn ag fás orthu. Sin é an t am a bhíonn ag iascaire na mballach chun dul á n iascach, mar bíonn a fhios aige go maith go dtagann na ballaigh ag ithe na n-iascán chomh luath is thagann an taoide tuile.

Customer Reviews

Most Helpful Customer Reviews

See All Customer Reviews